Startha Éagsula / Alternative Histories

Book design


Cuireadh Startha Eagsúla i láthair den chéad uair i Londain sa bhliain 2019, nuair a thug an taispeántas cuireadh do 85 chleachtas sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip samhlacha dá gcuid féin a chur isteach mar fhreagairt do líníochtaí cartlainne a choimeádtar i mbailiúchán Drawing Matter. Ar ócáid chur i láthair an taispeántais i gCartlann Ailtireachta na hÉireann i mBaile Átha Cliath, thug na coimeádaithe cuireadh do naoi gcinn bhreise de chleachtais ailtireachta atá Éireannach nó lonnaithe in Éirinn dul i bpáirt leis na cúig cinn bunaidh. Leis an gcatalóg seo, tugtar tuairimi agus próisis na 14 rannpháirtí sin le chéile, agus deis á tabhairt machnamh a dhéanamh agus breithniú a mheas ar ailtireacht chomhaimseartha na hÉireann i gcomhthéacs atá Eorpach agus stairiúil ag an aon am amháin.

Féach ar an bhfíseán: https://vimeo.com/470931569

Startha Éagsula / Alternative Histories
Startha Éagsula / Alternative Histories
Startha Éagsula / Alternative Histories